|
Is é atá i gceist leis an tionscnamh forbartha curaclaim Tionscadal Mata ná siollabais nua Mhatamaitice a fhorbairt agus a thabhairt isteach ar bhonn céimnithe do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta araon. Tá cúig shnáithe sa siollabas i ngach cás agus tá siad á dtabhairt isteach ina dtrí chéim. Tá Snáithe 1 agus 2 á dtabhairt isteach i gCéim 1, Snáithe 3 agus 4 á dtabhairt isteach i gCéim 2, agus Snáithe 5 á thabhairt isteach i gCéim 3. Tá deireadh á chur leis an ábhar ón seansiollabas de réir mar a thugtar isteach an t-ábhar nua.
Lena chois sin, tugadh isteach na céimeanna éagsúla sin i ngrúpa tionscnaimh de 24 scoil dhá bhliain roimh na scoileanna uile eile. Cabhraíonn taithí na scoileanna sin chun an siollabas a bheachtú ar gach céim.
Gheobhaidh tú eolas cuimsitheach ar Thionscadal Mata ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag www.ncca.ie/Tionscadal_Mata. Tá cáipéisí an tsiollabais do na scoileanna tionscnaimh agus do na scoileanna uile eile ar fáil ansin. Tá acmhainní eile, acmhainní teagaisc agus foghlama san áireamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhoireann Fhorbartha Thionscadal Mata, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí, ag www.projectmaths.ie.
Is é seo a leanas sceideal an chéad scrúdaithe sna céimeanna éagsúla den tionscadal:
An Ardteistiméireacht sna scoileanna tionscnaimh:
Céim 1: scrúdú i Meitheamh 2010
Céim 2: scrúdú i Meitheamh 2011
Céim 3: scrúdú i Meitheamh 2012
An Ardteistiméireacht sna scoileanna uile eile:
Céim 1: scrúdú i Meitheamh 2012
Céim 2: scrúdú i Meitheamh 2013
Céim 3: scrúdú i Meitheamh 2014
An Teastas Sóisearach sna scoileanna tionscnaimh:
Céim 1: scrúdú i Meitheamh 2011
Céim 2: scrúdú i Meitheamh 2012
Céim 3: scrúdú i Meitheamh 2013
An Teastas Sóisearach sna scoileanna uile eile:
Céim 1: scrúdú i Meitheamh 2013
Céim 2: scrúdú i Meitheamh 2014
Céim 3: scrúdú i Meitheamh 2015
Gheobhaidh tú thíos na páipéir shamplacha go léir a d’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) go dtí seo sa Tionscadal Mata. Gheobhaidh tú freisin tuairisc a rinne CSS nuair a triaileadh dréachtleaganacha de na páipéir shamplacha i gCéim 1 sna scoileanna tionscnaimh. Tá teacht ar na scrúduithe féin a rinneadh sna scoileanna tionscnaimh go dtí seo, agus ar na scéimeanna marcála a théann leo, sa rannóg Cartlann d’Ábhar Scrúdaithe ar an suíomh gréasáin seo (féach an painéal ar clé).
|