State Examination Commission Logo
Irish Government Website ::
Quick Find
Privacy Statementlink to the Privacy Statement
Click here for the English language

Cairt Chustaiméirí


  Is é misean Choimisiún na Scrúduithe Stáit ná “córas ardchaighdeáin scrúduithe agus measúnachta stáit sholáthar a chuimseoidh na caighdeáin oscailteachta, cothroime agus freagrachta is airde”.

Tá raon fairsing custaiméirí ag an gCoimisiún. Orthu san tá iarrthóirí scrúdaithe agus a dtuismitheoirí, príomhoidí scoile, múinteoirí, údaráis scoile, Ranna Rialtais agus oifigí eile, comhairlí ionadaíochta, agus mórán eile eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí go léir i ngach gné dár gcuid feidhmiúcháin. Leagann an Chairt seo amach caighdeáin na seirbhíse a bhfuil sé d’aidhm againn a chur ar fáil dár gcustaiméirí.

Seirbhís Theileafóin
Comhfhreagras Scríofa
Ag Soláthar Eolais
Seirbhísí Trí Ghaeilge
Comhionannas agus Éagsúlacht
Príobháideacht
Gearáin
Cabhraigh Linn Cabhrú Leat
Monatóireacht ár gcuid Feidhmíochta
Sonraí Teagmhála

 

arrow Seirbhís Theileafóin

 
  • Soláthróimid seirbhís theileafóin tríd ár bpríomhuimhir theileafóin i mBaile Átha Luain, 090 644 2700, ó 9.15 AM go dtí 5.30 PM, Luan go hAoine, cé is moite de laethanta saoire poiblí. Cuirfear leis na huaireanta seo chun freastal ar amanna ar maidin, um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine i rith thréimhse na scrúduithe scríofa i Mí an Meithimh.
  • Freagróimid do ghlao gan mhoill. Is é an aidhm atá againn ná 90% de na glaonna a fhreagairt laistigh de 30 soicind
  • Cuirfimid in iúl cé atá ag caint leat agus/nó ar an eolas tú i dtaobh na hoibre atá faoin ár gcúram agus beimid cúirtéiseach, cabhraitheach agus sinn ag déileáil leat
  • Mura féidir linn do cheist a fhreagairt láithreach glacfaimid le do shonraí teagmhála agus cuirfimid in iúl duit cathain is féidir a bheith ag súil le scéala uainn
  • Más gá dúinn do ghlao a aistriú go dtí comhleacaí oifige míneoimid cén fáth. Tabharfaimid ainm agus uimhir an duine sin duit agus déanfaimid deimhin de go bhfuil do ghlao aistrithe mar is cuí.
 
arrow Comhfhreagras Scríofa

 
  • Tá sé d’aidhm againn freagra a thabhairt ar 90% den chomhfhreagras ar fad laistigh de 15 lá oibre
  • Cuirfimid in iúl go bhfuarthas do litir, teachtaireachtaí r-phoist san áireamh, laistigh de 5 lá oibre, nuair nach féidir freagra cuimsitheach a thabhairt láithreach
  • Mura féidir freagra cuimsitheach a thabhairt laistigh de 15 lá oibre seolfaimid freagra sealadach chugat, ag míniú an scéil agus ag cur in iúl cathain is féidir a bheith ag súil le freagra cinnte
  • I gcúinsí áirithe, cuir i gcás tar éis dúinn tuairiscí agus tuairimí i dtaobh scrúduithe ar leith a fháil, d’fhéadfadh go mbainfeadh an Coimisiún úsáid as an suíomh gréasáin atá aige chun eolas ginearálta a chur ar fáil
  • Cuirfimid ainm teagmhála, uimhir theileafóin agus seoladh r-phoist ar fáil le gach comhfhreagras
  • Úsáidfimid teanga shoiléir, shimplí in ár gcomhfhreagras leat, agus in ár gcuid foirmeacha iarratais agus duilleacháin eolais.
 

arrow Ag Soláthar Eolais

 
  • Soláthróimid eolas soiléir, tráthúil, cruinn, cuimsitheach atá suas chun dáta i dtaobh ár gcuid polasaithe, scéimeanna agus seirbhísí
  • Déanfaimid socruithe go mbeidh an t-eolas seo ar fáil go héasca trí mhodhanna éagsúla
  • Déanfaimid ár ndícheall chun rialacha, rialúcháin agus nósanna imeachta a shimpliú
  • Foinse chuimsitheach eolais maidir le gach gné den tseirbhís scrúduithe a bheidh ar ár suíomh gréasáin www.examinations.ie, agus leanfaimid ag soláthar raon seirbhísí ar líne trí mheán an tsuímh ghréasáin
  • Déanfaimid socruithe go mbeidh ár suíomh gréasáin suas chun dáta i gcónaí, cairdiúil agus insroichte dár gcustaiméirí ar fad.
 
arrow Seirbhísí Trí Ghaeilge

 
  • Cuirfimid bearta i bhfeidhm chun ár gcuid dualgas faoin Acht um Stádas na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh
  • Leanfaimid orainn ag soláthar an rogha a bhíonn ag iarrthóirí a gcuid scrúduithe a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla
  • Foilseoimid eochairdhoiciméid, ár dTuairisc Bhliantúil san áireamh, i nGaeilge agus i mBéarla.
 
arrow Comhionannas agus Éagsúlacht

 
  • Táimid tiomanta do sheirbhís a sholáthar dár gcustaiméirí a sheasann lena gcearta go gcaithfí go comhionann leo agus a bunaíodh de réir reachtaíocht chomhionannais
  • Déileálfaimid leat ar bhealach cothrom, oscailte
  • Déanfaimid iarracht ár gcuid eolais a chur ar fáil i bhformáidí a fhreastalóidh ar chustaiméirí a bhfuil riachtanais speisialta acu
  • Má tá riachtanais ar leith agat ó thaobh na n-oifigí againne a rochtain, cuir glao teileafóin orainn roimh lá do chuairte le do thoil agus buailifidh ball den fhoireann leat agus tabharfar cúnamh duit ar gach bealach is féidir.
 
arrow Príobháideacht

  Féachfaimid chuige nach gcuirfear isteach ar do phríobháideacht féin agus ní bhainfimid úsáid as eolas pearsanta de do chuid ach ar chúiseanna a bhaineann le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, mar atá ceadaithe de réir dlí.  

arrow Gearáin

  Tá sé d’aidhm againn ardchaighdeán seirbhíse a chur ar fáil dár gcustaiméirí go léir. Ach mura mbíonn tú sásta le caighdeán na seirbhíse atá faighte agat tarraing ár n-aird ar an scéal, le do thoil. Mura féidir an gearán a réiteach le ball de chuid na foirne nó leis an mbainisteoir a raibh tú ag déileáil leis, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an mBainisteoir Seirbhísí Custaiméirí (feic sonraí thíos), a aithbhreithneoidh an scéal. Déileálfar le gach gearán láithreach, go cothrom, neamhchlaonta.

Bainisteoir Seirbhísí Custaiméirí
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Cor na Madadh,
Baile Átha Luain,
Co. na hIarmhí.
Teileafón: 090 - 644 2778
Facs: 090 - 644 2740
R-phost: customerservice.manager@examinations.ie

 

arrow Cabhraigh Linn Cabhrú Leat

  Is féidir leat cabhrú linn chun seirbhís ardchaighdeáin custaiméirí a sholáthar duit:
  • Má bhíonn eolas agat a bhaineann leis an gceist atá á fiosrú nuair a dhéanann tú teagmháil linn
  • Má dhéileálann tú leis an bhfoireann againne agus le custaiméirí eile go cúirtéiseach, urraimeach.
  • Má chomhlánann tú ceistneoir suirbhé custaiméirí ar bith a sheolaimid chugat
  • Má thugann tú tuairimí nó moltaí i dtaobh na seirbhíse atá faighte agat. Cuirimid fáilte roimh aiseolas – dearfach nó diúltach. Dá mba mhaith leat do thuairim a thabhairt nó moladh a dhéanamh déan teagmháil, le do thoil, leis an mBainisteoir Seirbhísí Custaiméirí ( feic sonraí thuas) nó bain úsáid as an bhfoirm theagmhála ar ár suíomh gréasáin.
 
arrow Monatóireacht ár gcuid Feidhmíochta

  Déanfaimid measúnú ar ár gcuid feidhmíochta de réir na gcaighdeán a bhfuil cur síos déanta orthu sa Chairt Custaiméirí seo agus tabharfaimid tuairisc ar an gcaoi a bhfuilimid tar éis cloí leis na caighdeáin seo in ár dTuairisc Bhliantúil. Is féidr cóipeanna den tuairisc a fháil go díreach ón gCoimisiún nó ar ár suíomh gréasáin, www.examinations.ie  

arrow Sonraí Teagmhála

 
Seoladh Poist: Coimisiún na Scrúduithe Stáit,
Cor na Madadh,
Baile Átha Luain,
Co. na hIarmhí.
Príomhuimhir Fóin: 090-644 2700
Príomhuimhir Faics:090-644 2744
Suíomh Gréasáin:www.examinations.ie
R-phost:info@examinations.ie
Tá fáil ar shonraí iomlána teagmhála le haghaidh rannóg aonair sa Choimisiún san Eolaire Teagmhála ar ár suíomh gréasáin nó san Eolaire Stáit (Leathanaigh Ghlasa) i gceann ar bith d’eolairí teileafóin Eircom.
 
Coimisiún na Scrúduithe Stáit,Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí Tel: 090-644 2700 Fax: 090-644 2744 Email us: Click here link to the Contact Form
Link to Adobe Acrobat Reader site Download Acrobat Reader Level Double-A conformance icon,
          W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 | Valid CSS!
Page last updated: March 30 2010, 18:01 GMT This website conforms to level Double A of the W3C Guidelines 1.0