Eisiamh Ábhar
Comhdhéanamh an Scrúdaithe
Bíonn trialacha scríofa i ngach ábhar mar chuid den scrúdú. Chomh maith leis sin bíonn béaltrialacha agus trialacha cluastuisceana sna hábhair seo: Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis, Rúisis agus Seapáinis. Bíonn trialacha praiticiúla sna hábhair a leanas: Innealtóireacht, Staidéar Foirgníochta, Ealaín agus Ceol. Bíonn obair chúrsa phraiticiúil le déanamh sna hábhair seo: Innealtóireacht, Staidéar Foirgníochta, Eacnamaíocht Talmhaíochta, Eolaíocht Talmhaíochta, Clár Gairmiúil na hArdteistiméireachta, Stair, Tíreolaíocht agus Oideachas Reiligiúnach. Déantar obair chúrsa a mheasúnú mar cuid de scrúdú nua na hEacnamaíochta Baile, agus is féidir Teicstílí a roghnú mar ghné de chomh maith.
Grádú
Tugtar torthaí na n-ábhar i scrúdú an Teastais Shóisearaigh i bhfoirm grád. Seasann gach grád do raoncéatadán na marcanna mar a leanas.
|