State Examination Commission Logo
Irish Government Website ::
Quick Find
Privacy Statement link to the Privacy Statement
Cookies Policy link to the Cookies Policy
Click here for the English language

Description Of Certificate Examinations

information on how to navigate this section Please click on the dropdown menu below to navigate through each of the State Examination Certificates.
Scrúdú Cruthaithe na hArdteistiméireachta
Is é Scrúdú Gaelach na hArdteistiméireachta scrúdú ceann cúrsa an iar-bhunoideachais. Cuirtear ar siúl é ag deireadh na Sraithe Sínsearaigh sna scoileanna iar-bhunoideachais. Freastalaíonn an tSraith Shínsearach ar mhic léinn san aois ghrúpa ó 15 go 18 mbliana d'aois. Daltaí aitheanta sna scoileanna iar-bhunoideachais iad formhór na n-iarrthóirí a dhéanann na scrúduithe, bíonn 17 nó 18 mbliana d'aois bainte amach acu agus bíonn 5 nó 6 bliana den iar-bhunoideachas déanta acu.

Ní bhionn an iarrthóireacht le hagaidh an scrúdaithe teoranta do dhaltaí scoile iar-bhunoideachais, áfach. Glactar le hiontrálacha ó dhuine ar bith a leanann cúrsa léinn ceadaithe a eagraítear faoi Scéim Deiseann Oiliúna Gairmoideachais, Scéimeanna do Liteartacht Aosach agus Oideachas Pobal, Scéim dara leibhéal na Roinne Leasa Shóisialaigh do dhaoine dí-fhostaithe nó aon scéim analógach, nuair a íoctar an táille cuí. (Nasc le Táillí). I gcás nach mbíonn iarrthóir ina dhalta aitheanta i scoil iar-bhun oideachais nó nach mbíonn cúrsa léinn ceadaithe ar siúl aige is féidir leis cur isteach ar an scrúdú mar Iarrthóir Seachtrach nuair a íoctar an táille cuí. Cliceáil anseo chun breis eolais a aimsiú maidir le cur isteach ar an scrúdú mar iarrthóir seachtrach. ( Nasc le eolas d'iarrthóir seachtrach.)

Roghnú Ábhar Cuirtear an scrúdú ar siúl sna hábhair agus ar na leibhéil a leanas. Chun eolas a bhaineann le curaclam a fháil do gach ceann de na hábhair seo cliceáil led' thoil ar an nasc seo do shuíomh gréasáin na . Roinne Oideachais agus Eolaíochta.link to Department of Education and Science

 
 
ÁBHAR LEIBHÉIL
Gaeilge Ard, Gnáth agus Bonnleibhéal
Béarla Ard agus Gnáth
Laidin Ard agus Gnáth
Sean-Ghréigis Ard agus Gnáth
Léann Clasaiceach Ard agus Gnáth
Léann Eabhrach Ard agus Gnáth
Arabach Ard agus Gnáth
Fraincis Ard agus Gnáth
Gearmáinis Ard agus Gnáth
Iodáilis Ard agus Gnáth
Spáinnis Ard agus Gnáth
Stair Ard agus Gnáth
Tíreolaíocht Ard agus Gnáth
Matamaitic Ard, Gnáth agus Bonnleibhéal
Matamaitic Fheidhmeach Ard agus Gnáth
Fisic Ard agus Gnáth
Ceimic Ard agus Gnáth
Fisic agus Ceimic Ard agus Gnáth
Eolaíocht Talmhaíochta Ard agus Gnáth
Bitheolaíocht Ard agus Gnáth
Eacnamaíocht Talmhaíochta Ard agus Gnáth
Innealtóireacht Ard agus Gnáth
Grafaic Dhearaidh & Chumarsáide Ard agus Gnáth
Staidéar Foirgníochta Ard agus Gnáth
Eacnamaíocht Bhaile Ard agus Gnáth
Cúntasaíocht Ard agus Gnáth
Gnó Ard agus Gnáth
Eacnamaíocht Ard agus Gnáth
Ealaín (agus ceird) Ard agus Gnáth
Ceol Ard agus Gnáth
Russian Ard agus Gnáth
Japenese Ard agus Gnáth
 
  Eisiamh Ábhar

Níl cead ag na hiarrthóirí aon cheann ar bith de na comh-ábhair seo a leanas a dhéanamh.

1. Fisic agus Ceimic agus ceachtar acu nó na hábhair ar leith, Fisic nó Ceimic.
2. Eacnamaíocht agus Eacnamaíocht Talmhaíochta
3. Léann Clasaiceach agus Laidin
4. Léann Clasaiceach agus Sean-Ghréigis

Amanna agus Dátaí

Cuirfear scrúduithe scríofa ar siúl sa tréimhse ón 7ú go dtí an 23ú Meithimh 2006. Cliceáil anseo chun an TRÁTHCHLÁR link to to view the Timetable a fheiceáil.
Déanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit tréaniarracht chun tráthchlár na scrúduithe a shocrú sa chaoi gur beag seans go mbeidh ábhair ag teacht salach ar a chéile. Uaireanta cuireann mic léinn isteach ar ábhair a bhíonn ar siúl ag an am céanna agus ar an dáta céanna. D'fhéadfaí socrú a dhéanamh sa chaoi go mbeidh ar a gcumas an dá pháipéar a dhéanamh. Déan teagmháil led' thoil le Rannóg na nIontrálacha chun breis eolais a fháil. Teileafón 09064 - 42704 / 09064 / 42702 / 09064 / 42706
Ríomh-phost: entries@examinations.ie

Cumadh an Scrúdaithe

Bíonn trialacha scríofa i ngach ábhar mar chuid den scrúdú. Chomh maith leis sin bíonn béaltrialacha agus cluastrialacha sna hábhair seo: Gaeilge, Fraincis, Gearmánis, Iodáilis, Spáinnis, Rúisis agus Seapáinis. Bionn trialacha praiticiúla san Innealtóireacht, Staidéar Foirgníochta, Eacnamaíocht Talmhaíochta, Eolaíocht Talmhaíochta, Ealaín agus Ceol. Cuid de scrúdú na hEacnamaíochta Bhaile í an saothar cúrsa measúnaithe.

Grádú

Tugtar torthaí na n-ábhar i scrúdú na hArdteistiméireachta i bhfoirm grád.
Seasann gach grád do raonchéatadán na marcanna mar a leanas.

Raonchéatadán Grád
90 nó níos mó A1
85 ach níos lú ná 90 A2
80 ach níos lú ná 85 B1
75 ach níos lú ná 80 B2
70 ach níos lú ná 75 B3
65 ach nios lú ná 70 C1
60 ach níos lú ná 65 C2
55 ach níos lú ná 60 C3
50 ach níos lú ná 55 D1
45 ach nios lú ná 50 D2
40 ach níos lú ná 45 D3
25 ach níos lú ná 40 E
10 ach níos lú ná 25 F
Níos lú ná 10 Grád ar bith
Coimisiún na Scrúduithe Stáit,Corr na Madadh , Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí Tel: 090-644 2700 Fax: 090-644 2744 Email us: Click here link to the Contact Form
Link to Adobe Acrobat Reader site Download Acrobat Reader Level Double-A conformance icon,
          W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 | Valid CSS!
Page last updated: October 31 2012, 16:18 GMT This website conforms to level Double A of the W3C Guidelines 1.0