| Athiarrthóirí
Nuair a athdhéantar Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) ní mór d'iarrthóirí gach uile riachtanas an chláir a chomhlíonadh i mbliain na hathdhéanta. Baineann dhá bhliain staidéir agus ullmhuchán punainne le Modúil Nasctha an Ghairmchláir Ardteistiméireachta. Dá bhrí sin ní féidir an eilimint punainne a dhéanamh arís taobh istigh d'aon bhliain amháin nuair a bhíonn an t-iarrthóir ag déanamh ábhair eile arís. Cuirfear na marcanna a tugadh i gcás punainne a scrúdaíodh i 2007 leis na marcanna a fuarthas sa scrúdú scríofa i 2008 d'aonghnó le haghaidh measúnaithe. Ní ghlacfar le punainn nua nó punainn athdhéanta. Seolfar foirm iontrála leis féin chugat nuair a thagann d'iarratas isteach.
Measúnú, Deimhniú agus Aitheantas
Measúnú na n-Ábhar Ardteistiméireachta
Leanann mic léinn Ghairmchlár Ardteistiméireachta (LCVP) na siollabais chéanna ábhar agus déantar measúnú orthu ar an gcaoi céanna a dhéantar measúnú ar a leithéidí san Ardteistiméireacht (chruthaithe).
Measúnú na Modúl Nasctha
Caithear leis na Modúil Nasctha, an t-Ullmhúchán don tSaol Oibre agus an t- Oideachas Fiontraíochta mar aonad le haghaidh measúnaithe. Is éard atá sa mheasúnú a dhéantar ar leibhéal comónta ná dhá eilimint, Páipéar Scrúdaithe Ceann Cúrsa agus Punann d'Obair Chúrsa.
De réir sceideal na scrúduithe 2004, ní mór críoch a chur leis an bpunann de shaothar cúrsa ar 28 Aibreán, 2004 le haghaidh an Scrúdaithe don Ghairmchlár Ardteistiméireachta i 2004. Cuirfear an scrúdú scríofa sna Modúil Nasctha ar siúl ar an 5ú lá de Bhealtaine ó 10 r.n.. - 12.30 i.n. de réir an chláir ama.
The 2008 schedule of examinations requires the portfolio of coursework for the 2009 LCVP Examination to be completed on 22nd April 2009. The 2009 Link Modules written examination is timetabled for 6th May.
Teistiméireacht
Faigheann na mic léinn don Ghairmchlár Ardteistiméireachta agus don Ardteistiméireacht (chruthaithe) an teistiméireacht chéanna. Bíonn ráiteas breise maidir leis an ngrád a fuarthas don Mhodúl Nasctha ceangailte leis an teistiméireacht sin. Tugtar grádanna do na Modúil Nasctha sna catagóirí a leanas:-
Gradam (80 - 100%)
Fiúntas (65 - 79%)
Pas (50 - 64%)
Aitheantas
Faigheann na mic léinn Ghairmchláir Ardteistiméireachta (LCVP) agus na mic léinn Ardteistiméireachta (chruthaithe) na deiseanna céanna freastal ar an Ollscoil agus ar Institiúidí Tríú Leibhéal eile. Nuair a dhéantar na hiarratais a mheas d'fhéadfaí dul i dteagmháil leis an Institiúid Ard Oideachais atá i gceist i leith na bpointí a bhronntar ar na Modúil Nasctha.
Tá fáil ar eolas sa bhreis ar Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) ar www.lcvp.ie.
|