State Examination Commission Logo
Irish Government Website ::
Quick Find
Privacy Statement link to the Privacy Statement
Cookies Policy link to the Cookies Policy
Click here for the English language

Reasonable Accommodations:

 
information on how to navigate this section Please click on the dropdown menu for more information on reasonable accomodations.
SOCRUITHE RÉASÚNACHA: SOCRUITHE D'IARRTHÓIRÍ LE MÍCHUMAIS AGUS LE DEACRACHTAÍ FOGHLAMA
 

1. General Information
Is féidir iarratas a chur isteach do Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar shocrú/shocruithe réasúnacha a gcuirfeadh ar chumas iarrthóirí tabhairt faoi na scrúduithe nuair a bhíonn deacrachtaí buan nó fad-téarmach i gceist, chomh maith le deacrachtaí amhairc agus éisteachta nó saindeacrachtaí foghlama, a gcuirfeadh isteach ar a bhfeidhmiú sna scrúduithe, dar leo.

Cuirtear na socruithe réasúnacha ar fáil chun:

  1. tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an iarrthóra a chur as an tslí chomh fada agus is féidir agus a chur ar chumas an iarrthóra sa chaoi seo a leibhéal gnóthachtála a léiriú agus
  2. a dheimhniú go dtabharfaí gach deis d'iarrthóirí chun a leibhéal gnóthachtála a léiriú ach ag an am céanna nach dtabharfadh na socruithe speisialta buntáiste mí-chothrom don iarrthóir thar na hiarrthóirí eile sa scrúdú céanna.

Meastar gach iarratas le haghaidh socruithe réasúnacha trí thagairt a dhéanamh d' fhrámaoibre foilsithe de na prionsabail atá leagtha amach ag An SainGhrúpa Comhairleach ar scrúduithe mar a léirítear thíos

  1. Ba chóir go ndéanfaí Socruithe Réasúnacha le haghaidh iarrthóirí a bhfuil riachtanais mheasúnaithe ar leith acu i ngeall ar deacracht atá sealadach, buan nó fad téarmach.

  2. Ba chóir go ndéanfaí soláthar do dheacrachtaí fisiciúla agus do dheacrachtaí foghlama araon.

  3. Ní chóir go gcuirfí ionrachas, stádas no cáil an scrúdaithe i bhfiontar de bharr socruithe réasúnacha.

  4. Ba chóir go ndéanfaí socruithe réasúnacha d'fhonn tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú iarrthóra a chur as an tslí, chomh fada agus is féidir, sa chaoi go mbeidh sé/sí in a leibhéal gnóthachtála a léiriú sa scrúdú.

  5. Déantar socruithe réasúnacha chun cuidiú leis an iarrthóir léiriú a dhéanamh ar a gh/gnóthachtáil sa suíomh scrúdaithe. Ní chun cúiteamh a dhéanamh in aon easpa gnóthachtála ar féidir a theacht ó mhíchumas a dhéantar iad.

  6. Os rud é gur prionsabal lárnach bunúsach sna scrúduithe Teistiméireachta é a dheimhniú go dtugtar cothrom na féinne do gach iarrthóir, ní chóir go mbeadh aon bhuntáiste ag iarrthóir thar na hiarrthóirí eile má dhéantar socruithe réasúnacha ar a shon.

  7. Ba chóir go mbeadh gá le fianaise neamhspleách i leith mhíchumais agus riachtanais tacaíochta sula gceadaítear socruithe réasúnacha.

  8. Ba chóir go ndéanfaí na socruithe cruinne ar bhonn an mhichumais nó an lagaithe i ngach cás cruthaithe ar leith agus ar bhonn riachtanais ar leith an iarrthóra i ngach ábhar ar leith. Tharlódh sé go ndéanfaí éilimh éagsúla ar iarrthóirí ó ábhair éagsúla agus ó mhodhanna éagsúla measúnaithe.

  9. D'fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ar iarrthóir páirt a ghlacadh i modh áirithe measúnaithe mar gheall ar a mhíchumas (triail cluaise i gcás iarrthóra le géarlagú éisteachta). I gcás dá leithéid ba chóir go mbeadh an rogha ag an iarrthóir saoirse a lorg ó chuidden phróiseas measúnaithe.

  10. Nuair nach féidir le hiarrthóir páirt a ghlacadh i modh áirithe measúnaithe d'fhéadfaí modh measúnaithe eile a ainmniú.

  11. Níl modh eile inghlactha má chuireann sé isteach ar aidhm an scrúdaithe trí úsáid a bhaint as (m.sh., scríobhaí a sholáthar a dhéanfadh líníocht don iarrthóir i scrúdú Ealaíne.

  12. Nuair a ligtear eilimint nó eilimintí den scrúdú thart, sa chaoi nach gcomhlíontar aidhm an scrúdaithe i gcás na heiliminte/n-eilimintí sin, nó nuair a dhéantar mórathruithe sa mhodh scrúdaithe, ba chóir go gcuirfí é seo in iúl trí nóta mínithe ar theastas torthaí an iarrthóra.

  13. Chomh fada agus is féidir, caithfear aghaidh a thabhairt ar na cúinsí a d'fhéadfadh a chur isteach ar fheidhmiú an iarrthóra le linn tréimhse na scrúduithe (m.sh., tinneas,tráma, bás).

2. Réimse na Socruithe Réasúnacha

Beidh an scorú/na socruithe réasúnacha is gá ag brath den chuid is mó ar na gnáthmhodhanna staidéir nó cumarsáide a úsáideann an t-iarrthóir. Nuair a chuirtear iarratas isteach ar shocrú réasúnach bí cúramach go gcuirtear go leor eolais cuí ar fáil ar an bhfoirm iarratais comhlánaithe a ligfear cinneadh a dhéanamh a oireann do chás an iarrthóra aonair. Leagtar amach réimse na socruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh sna paragraif a leanas.

2.1 Saoirse ó Chomhpháirteanna Scrúdaithe

D'fhéadfadh sé nach mbeadh ar chumas iarrthóra bheith páirteach i modh áirithe measúnaithe de bharr riachtanais ar leith. Tharlódh , mar shampla, nach n-oirfeadh eilimint cluaise i scrúduithe áirithe d'iarrthóir le géarlagú éisteachta. Nuair a ligtear eilimint nó eilimintí scrúdaithe thart sa chaoi nach gcomhlíontar aidhm an scrúdaithe maidir leis an eilimint /na heilimintí seo, nó nuair a athraítear an modh scrúdaithe go bunúsach, cuirfear é seo in iúl trí nóta mínithe ar theastas an iarrthóra.

Is féidir le hiarrthóir saoirse a lorg o eilimint/eilimintí scrúdaithe agus sa chás sin déantar a gh/grád a shocrú ar fhuilleach na hoibre san ábhar. Má thugann an Coimisiún saoirse cuirfear an t-iarrthóir ar an eolas maidir le haon nóta mínithe i leith an ábhair atá i gceist a d'fhéadfadh a bheith ar an teastas. Ní thabharfaidh aon nóta míníthe ach na mionsonraí a bhaineann leis an athrú a rinneadh sa phróiseas measúnaithe. Ní dhéanfar cur síos ann ar mhíchumas an iarrthóra. Sa chaoi céanna cuirfear nóta mínithe ar an teastas in aon ábhar nuair nach féidir measúnú a dhéanamh ar aon inniúlacht ar leith a thuilleann marcanna, de bharr chineál an socraithe

2.2 Scrúduithe scríofa

I measc réimse na socruithe réasúnacha tá:

  • Socruithe go léifear na ceistpháipéir don iarrthóir. D'fhéadfaí ceisteanna a léamh chomh minic agus is gá. Ní cheadaítear aon mhíniú nó cur síos a thabhairt.

  • D'fhéadfaí ceistpháipéir athraithe a sholáthar a gcuirfí ceisteanna eile ar fáil iontu in ionad dóibh siúd a bhaineann le hábhar amhairc mar learáidí, griangraif agus léarscáileanna.

  • D'fheadfaí aistriúcháin Braille de na ceistpháipéir a sholáthar, le pé athrú is gá.

  • D'fhéadfaí ceistpháipéir i gcló méadaithe a chur ar fáil.

  • D'fhéadfaí cead a thabhairt d'iarrthóirí a gcuid freagraí a thaifeadadh ar theipthaifeadán, ar chlóscríobhán nó ar phróiseálaí focal.

  • I gcás scrúduithe sa Líníocht Theicniúil nó sna Graificí Teicniúla, d'fhéadfaí cead a thabhairt d'iarrthóirí úsáid a bhaint as meaisíní líníochta, boird líníochta, cairteanna líníochta níos lú agus aiseanna dá leithéid.

  • D'fhéadfaí na freagraí a dheachtú don té a fheidhmíonn mar scríobhaí seachas don téipthaifeadán. Dfhéadfaí glacadh leis an socrú seo nuair a bheadh deacrachtaí móra ann le caint an iarrthóra ar théip, nó nuair nach leor an taifeadadh ar théip chun riachtanais áirithe an scrúdaithe a chomhlíonadh m.sh., áireamh a dhéanamh sa Mhaitimaitic nó sa Chuntasaíocht.

  • D'fhéadfaí deich nóiméid sa bhreis in aghaidh na huaire a thabhairt do gach cheistpháipéar nuair a theastaíonn cuidiú ó scríobhaí nó nuair nach mbeadh ar chumas an iarrthóra úsaid go leor a dhéanamh as na háiseanna meicniúla a chuirtear ar fáil chun na freagraí a thaifeadadh nó nuair a bhionn lagú amhairc i gceist.

2.3 Béaltrialacha agus Cluastrialacha

Maidir leis na béaltrialacha, iarrtar ar údaráis scoileanna dul i gcomhairle le scrúdaitheoirí mar gheall ar na hiarrthóirí a mbíonn riachtanais speisialta acu. Bíonn éagsúlacht sna socruithe le haghaidh cluastrialacha ag brath ar méid na bodhaire agus tugtar anseo thíos iad:

  • Tig leis an iarrthóir fanúint sa phríomhionad ach suí in aice leis an téipthaifeadán.
  • Tig leis an iarrthóir fanúint sa phriomhionad agus cead a lorg chun feidhm a bhaint as seinnteoir stereo le lúb induchtaithe phearsanta. I gcás dá leithéid cuirfear téip sa bhreis de na ceisteanna ar fáil.
  • Tig leis an iarrthóir cead a fháil le bheith i seomra eile agus éisteacht leis an téipthaifeadán le cluasáin nó gan iad.

3. Tarchur na Scoileanna

Tá údarás ag na scoileanna roinnt socruithe ainmnithe a dhéanamh ar mhaithe le hiarrthóirí scrúdaithe le riachtanais speisialta gan cead a lorg roimh ré ón gCoimisiún. Seo iad na socruithe ainmnithe

  • Briseadh nó sos a thabhairt i ngach seisiún scrúdaithe, nuair a bhionn siad ag dul don iarrthóir mar gheall ar a mhíchumas fisiciúil nó mar gheall ar riocht leighis. Faoin socrú seo is féidir cúiteamh a dhéanamh san am sosa a thógtar trí fhiche nóiméad sa bhreis ar a méid a thabhairt ag deireadh an tseisiún scrúdaithe.

  • Cead a thabhairt d'iarrthóirí buidéal leighis, bia nó deochanna a thabhairt isteach san ionad scrúdaithe nuair a bhíonn gá leo ar chúiseanna leighis.

  • Cead a thabhairt don iarrthóir bogadh timpeall san ionad.

  • Cead a thabhairt chun úsáid a bhaint as deasc nó cathaoir speisialta a úsáidtear saseomra ranga.

  • Cead a thabhairt chun úsáid a bhaint as áiseanna lagamhairc a úsaidtear go hiondúil sa seomra ranga.

  • Deimhniú go gcuirtear iarrthóir le lagéisteacht ina shuí/suí in aice leis an bhFeitheoir.

Tig le scoil údar a thabhairt do cheann ar bith de na socruithe seo chun leas an iarrthóra a chur chun cinn nuair a chuirtear eolas áitiúil san áireamh. Ba chóir go dtabharfaí nóta don fheitheoir scrúdaithe ag rá go n-aontaíonn an scoil go bhfuil an socrú riachtanach chun go gcuirfear aon cheann de na socruithe thuas i bhfeidhm.

4. Conas iarratas a dhéanamh.

D'fhéadfadh daltaí scoile, VTOS agus iarrthóirí a leanann scéimeanna analógacha eile iarratas a chur isteach ar shocruithe réasúnacha tríd an scoil nó tríd an soláthraí oideachais. D'fhéadfadh iarrthóirí seachtracha iarratas díreach a dhéanamh ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Ní mór iarratais a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais cuí, atá ar fáil ó scoileanna/ soláthraithe oideachais nó go díreach ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

5. Fóram Achomhairc

I gcás go mbíonn scoil/tuismitheoir nó iarrthóir mishásta le gné ar bith de chinneadh an Choimisiúin i leith iarratais le haghaidh socruithe réasúnacha, tig leo dul i gcomhairle le fóram neamhspleách achomhairc. Toghtar gach ball den ghrúpa achomhairc lasmuigh den Choimisiún. Clúdaíonn tarchur an ghrúpa na hachomhairc a dhéantar in aghaidh gach aon eilimint d'aon chinneadh a dhéanann an Coimisiún, chomh maith le haon mholadh chun nóta mínithe a chur isteach. Meastar gach achomharc trí thagairt a dhéanamh do na prionsabail a leagann an Sainghrúpa Comhairleach amach.

 
Coimisiún na Scrúduithe Stáit,Corr na Madadh , Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí Tel: 090-644 2700 Fax: 090-644 2744 Email us: Click here link to the Contact Form
Link to Adobe Acrobat Reader site Download Acrobat Reader Level Double-A conformance icon,
          W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 | Valid CSS!
Page last updated: July 01 2010, 21:23 GMT This website conforms to level Double A of the W3C Guidelines 1.0