State Examination Commission Logo
Irish Government Website ::
Quick Find
Privacy Statementlink to the Privacy Statement
Click here for the English language
 

Iontráil Ar Na Scrúdaithe Mar Iarrthóir Seachtrach

Sainmhíniú ar Iarrthóir Seachtrach

Tig le duine cur isteach ar scrúdú na hArdteistiméireacha mar iarrthóir seachtrach nach dalta aitheanta i scoil iar-bhunoideachais é nó nach leanann cúrsa staidéir a eagraítear faoi Scéim Deiseann Oiliúna Gairmoideachais, An Scéim Aosach don Litearthacht agus Oideachas Pobal, Scéim dara leibhéal le haghaidh daoine dí-fhostaithe de chuid na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh, nó cúrsaí eile dá leithéid.

Téarmaí agus Coinníollacha le hiontráil mar iarrthóir seachtrach.

D'fhéadfadh duine ar bith cur isteach ar na scrúduithe mar iarrthóir seachtrach má :

  1. íoctar an táille cuí ( Nasc le Táillí Scrúdaithe) agus
  2. má bhíonn tréimhse dhá bhliain ar a laghad idir scrúdú na hArdteistiméireachta agus críoch na hidirbhliana nó na Sraithe Sóisearaigh, pé ceann is deireanaí i gcás an iarrthóra. nó
  3. I gcás nach dalta aitheanta Sóisearach nó dalta idirbhliana é an t-iarrthóir, ach go bhfuil seacht mbliana déag d'aois bainte amach aige ar nó roimh an 31ú Iúil i mbliain an scrúdaithe.

Déantar na coinníollacha (a) agus (b) thuas chun a chinntiú nach mbeidh an mac léinn a thréigh an scoil in ann scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh níos luaithe ná a dhéanfadh sé/sí dá bhfanfadh sé/sí ar scoil. Ní ghlacfaidh an Coimisiún le hiarrthóirí le haghaidh scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain i ndiadh dóibh scrúdú an Teastais Shóisearaigh a dhéanamh nó sa bhliain i ndiaidh na idirbhliana.

Amanna agus Dátaí

Cuirfear scrúduithe scríofa ar siúl sa tréimhse ón 4ú go dtí an 20ú Meithimh 2008.
Cliceáil anseo chun an TRÁTHCHLÁR a fheiceáil.link to the Timetable

Conas Iarratas a chur isteach

Ar líne
Tig le hiarrthóirí seachtracha iarratas a chur isteach agus íocaíocht a dhéanamh (le cárta creidmheasa amháin) chun cur isteach ar an Ardteistiméireacht 2008 trí chliceáil ar an nasc seo. link to the on-line payment service

Scríofa
Chun an fhoirm iarratais agus na sonraí maidir leis an mbealach a íoctar na táillí scrúdaithe a fháil déan teagmháil le:

Rannóg na nIontrálacha,
Coimisiún na Scrúduithe Stáit,
Cor na Madadh,
Baile Átha Luain,
Co. na hIarmhí
Teileafón: 090-6442702, 6442703, 6442706
Ríomh-phost:entries@examination.ie

Coimisiún na Scrúduithe Stáit,Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí Tel: 090-644 2700 Fax: 090-644 2744 Email us: Click here link to the Contact Form
Link to Adobe Acrobat Reader site Download Acrobat Reader Level Double-A conformance icon,
          W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 | Valid CSS!
Page last updated: February 02 2010, 19:53 GMT This website conforms to level Double A of the W3C Guidelines 1.0